Six Steps

Chun Páirt a Ghlacadh:

Céim a hAon – Roghnaigh Íomhá:

Roghnaigh an íomhá a ba mhaith leat a úsáid. Is féidir ceann a roghnú a úsáidtear go minic mar mhéimeanna ginéaralta nó íomhá de do chuid féin. Bíonn íomhánna ar fáil ag suíomhanna déanta na méimeanna cheana féin don chuid is mó. Bain úsáid as suíomhanna ar nós MemeGen agus Memegenerator. Tá liosta á chur le chéile againn fosta de na suíomhanna eile a mbaintear úsáid astu.

Déim a Dó – Cuir Téacs Leis

Ag baint úsáide as ceann de na suíomhanna sin nó as bogearraí eile más mian leat, cuir téacs isteach ag barr agus ag bun na híomhá. Is féidir leis an téacs seo bheith greannmhar nó meabhrach – moltar méimeanna a chruthú a luann caomhnú nó athbheochan teanga.

Céim a Trí – Sábháil agus Uaslódáil an Mhéim

  • Sábháil an íomhá agus déan an íomhá a uaslódáil ar na meáin shóisialta (m.sh. Instagram, Twitter, Facebook).
  • Céim a Ceathair – Cuir Haischlib leis
  • Cuir an haischlib #MemeML leis
  • Cuir haischlib na teanga sin leis (m.sh. #Gaeilge)

Déan Nóta: Is ionann éagsúlacht theangeolaíoch a chur chun cinn ar líne agus bheith ábalta teagmháil a dhéanamh i do rogha teanga gan ábhar digiteach a chur ar fail daofa siúd nach cainteoirí na teanga sin iad. Más mian leat teacht ar shlua níos leithne, áfach, tá an deis agat aistriúchán ginearálta a chur ar fáil sa téacs tuairisciúil ar son smaointí nach féidir a aistriú go furasta focal ar fhocal.

Céim a Cúig: Glac Páirt sa Dúshlán

  • Gabh sa tóir ar dhaoine eile atá a roinnt méimeanna tríd an haischlib #MemeML ar Instagram, Twitter, nó Facebook agus scríobh trácht, roinn, déan athghiolc orthu.
  • Gabh sa tóir ar an haischlib a bhaineann le do theanga féin. Lean daoine eile atá ag cruthú méimeanna i do mháthairtheanga (m.sh. #Gaeilge)
  • Déan cinnte go ndéanann tú clibeáil ar dhaoine eile chun dúshlán a thabhairt orthu méim dá gcuid féin a chruthú. Déan teagmháil le daoine chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht theangeolaíoch.

Céim a Sé: Bain Sult As!